12. Oir amhuil mar as áon an corp, agus morán do bhallaibh aige, agus buill a néunchuirp uile, biodh gur ab iomdha íad, nach bhfuil ionnta achd éanchorp amháin: as mar an gcéudna atá Críosd.
13. Oír is tré aoin Sbioruid do baisdeadh sinn uile chum éunchoirp, más Iúduighe sinn nó Gréugaígh, más sáor nó daor sinn; agus tugadh deoch dhuinn uile ré a híbhe chum éin Sbioruide.
14. Oír ní héanbhall an corp, achd móran.
15. Dá nabradh an chos, Do bhrígh nách mé an lámh, ni don chorp mé; a né nach don chorp í ar a shon sin?
16. Agus dá nabradh an chlúas, Do bhrígh nách mé an tsúil, ní don chorp mé; a né nách don chorp í ar a shon sin?
17. Dá mbíadh an corp uile na shúil, cá háit a mbíadh an téisdeachd? Dá mbíadh sé uile na éisdeachd, cá háit a mbíadh an boltanus?
18. Achd a nois do chuir Día na buill sa gcorp gach ball díobh fo léith, do réir a thola féin.
19. Achd dá mbeídís uile na néanbhall, cá háit a mbíadh an corp?
20. Gidheadh a nois atáid síad na morán ball, biodh nach bhfuil achd énchorp amháin.
21. Agus ní héidir ris an tsúil a rádh ris an láimh, Ni bhfuil feidhm agum ort: nó a rís don cheann ris na cosaibh, Ni bhfuil féidhm agum oraibhse.
22. Achd, go mórmhór buill an chuirp, ré ar cosmhuile bheith ró lag, atá feidhm orrtha:
23. Agus is ar bhaillaibh an chuirp, noch sháoilmid do bheith neamhonórach, as mó chuirmíd donóir; agus ar na ballaibh as neimhdheisi aguinn as mó chuirmid do dheisi.
24. Oír bí bhi ar mbuill deasa na ríachdanus: achd do chomuisg Día an corp ar a chéile, ar dtabhairt na honóra as mó don chuid ó dteasdaigh sí: