Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 12:10-22 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

10. Agus neach eile oibriughadh míorbhuileadh; agus neach eile faidheadóireachd; agus neach eile breathnúghadh sbiorad; agus neach eile morán do ghnéithibh teangthadh; agus neach eile míniughadh teangthadh:

11. Agus as áoin Sbiorad amháin oibrigheas na neithesi uile, ag roinn ré gach áon fó leith do réir mar as áill ris.

12. Oir amhuil mar as áon an corp, agus morán do bhallaibh aige, agus buill a néunchuirp uile, biodh gur ab iomdha íad, nach bhfuil ionnta achd éanchorp amháin: as mar an gcéudna atá Críosd.

13. Oír is tré aoin Sbioruid do baisdeadh sinn uile chum éunchoirp, más Iúduighe sinn nó Gréugaígh, más sáor nó daor sinn; agus tugadh deoch dhuinn uile ré a híbhe chum éin Sbioruide.

14. Oír ní héanbhall an corp, achd móran.

15. Dá nabradh an chos, Do bhrígh nách mé an lámh, ni don chorp mé; a né nach don chorp í ar a shon sin?

16. Agus dá nabradh an chlúas, Do bhrígh nách mé an tsúil, ní don chorp mé; a né nách don chorp í ar a shon sin?

17. Dá mbíadh an corp uile na shúil, cá háit a mbíadh an téisdeachd? Dá mbíadh sé uile na éisdeachd, cá háit a mbíadh an boltanus?

18. Achd a nois do chuir Día na buill sa gcorp gach ball díobh fo léith, do réir a thola féin.

19. Achd dá mbeídís uile na néanbhall, cá háit a mbíadh an corp?

20. Gidheadh a nois atáid síad na morán ball, biodh nach bhfuil achd énchorp amháin.

21. Agus ní héidir ris an tsúil a rádh ris an láimh, Ni bhfuil feidhm agum ort: nó a rís don cheann ris na cosaibh, Ni bhfuil féidhm agum oraibhse.

22. Achd, go mórmhór buill an chuirp, ré ar cosmhuile bheith ró lag, atá feidhm orrtha:

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 12