Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 10:21-33 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Ní héidir libh cupán an Tighearna díbhe, agus cupán na ndeamhan: ní héidir libh comhruinn bhuird an Tighearna dfagháil, agus bhuird na ndeamhan.

22. An bhfuilmíd ag brosdughadh an Tighearna chum feirge? an treisi linne na leision?

23. Atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní bhfuilid uile tarbhach: atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní fhollamnuighid uile.

24. Nár ab é a ní bheanus ris féin shírfeas neach ar bith, achd síreadh gan áon a ní rachus a sochar da chomharsuin.

25. Ithidh, gach ní reachthar sa margadh, gan cheisd ar bith do tháoibh coinnsiáis.

26. Oir as leis an Dtighearna an talamh, gon a líonmhaireachd.

27. Agus dá dtugaidh éunnduine don druing atá gan chreideamh, cuireadh dhíbh agus go mádh toil libh dul rin; íthidh gach ní churthar bhur bhfíadhnuisi, gan cheisd ar bith do chur do tháobh coinnsiáis.

28. Gidheadh dá nabrudh éunnduine ribh, Is diodhaluibh do híodhbradh so, ná híthidh é ar son an tí do fhiollsigh dhíbh é, agus ar son coinnsiáis: oír as leis an Tighearna an talamh, gon a líonmhaireachd:

29. Agus ní hé do choinnsiás a deirim, achd choinnsías an duine eile sin: oir créud fá a ndaimeóntáoi mo sháoirsise ré coimmsías dhuine eíle?

30. Agus más tré ghrás Dé ránntar riomsa é, créud fá labharthar go holc oram ar son a neithe fá dtugam buidheachas?

31. Uime sin mas íthe, nó ibhe dháoibh, nó gidh bé ar bith ní do ní sibh, go madh chum glóire Dé dhéana sibh na huile neithe.

32. Ná tábhruidh adhbhar oilbhéime do na Iúduigheadhaibh, ná do na Gréugachaibh, ná deagluis Dé:

33. Do réir már do nímse toil gach áoin sna huile neithibh, agus ní díarraidh eudála dhamh féin, achd do mhorán, chum a slánaighthe.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 10