Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 10:16-26 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

16. A né nach é cumáoin fhola Chríosd, cupán na mbeannachd do níomáoidne do bheannughadh? A né nách é cumáoin choirp Chríosd, an tarán bhrismíd?

17. Oir as áonarán agus áonchorp sinne, bíodh go bhfuilmíd morán: do bhrígh go nglacmáoid uile ar gcuid déunarán.

18. Tabhruidh aire re Hisraél do réir na feóla: a né nách bí cuid ronna don naltóir ag an druing itheas na hiódhbartha?

19. Uime sin créud a deirim? a né go bhfuil éifeachd sa niodhail, nó go bhfuil éifeachd sa ní íodhbarthar diodhaluibh?

20. Achd a deirim, gur do dhiabhlaibh iodhbruid na Cineadhacha, na neithe íodhbruid síad, agus nach do Dhía: agus ní háill leam cumann do bheith aguibhsi ris na diabhluibh.

21. Ní héidir libh cupán an Tighearna díbhe, agus cupán na ndeamhan: ní héidir libh comhruinn bhuird an Tighearna dfagháil, agus bhuird na ndeamhan.

22. An bhfuilmíd ag brosdughadh an Tighearna chum feirge? an treisi linne na leision?

23. Atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní bhfuilid uile tarbhach: atáid na huile neithe dlisdeanach dhamh, gidheadh ní fhollamnuighid uile.

24. Nár ab é a ní bheanus ris féin shírfeas neach ar bith, achd síreadh gan áon a ní rachus a sochar da chomharsuin.

25. Ithidh, gach ní reachthar sa margadh, gan cheisd ar bith do tháoibh coinnsiáis.

26. Oir as leis an Dtighearna an talamh, gon a líonmhaireachd.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 10