13. Ní thárla cathughadh ar bith dhíbh achd an cathughadh leanus gach áon: agus atá Día fírinneach, nách bhfuileóngaidh cathúghadh do chur oraibh ós cionn bhur neirt; achd do dhéuna sé slighe imtheachd dhíbh ann sa gcathúghadh, ionnus go madh éidir libh a iomchar.
14. Ar a nadhbharsin, a dhearbhráithre grádhacha, seachnaidh iodhaladhradh.
15. Labhruim, mar laibheóruinn ré dáoinibh tuigsionacha; beiridh féin breith air a ní labhruim.
16. A né nach é cumáoin fhola Chríosd, cupán na mbeannachd do níomáoidne do bheannughadh? A né nách é cumáoin choirp Chríosd, an tarán bhrismíd?
17. Oir as áonarán agus áonchorp sinne, bíodh go bhfuilmíd morán: do bhrígh go nglacmáoid uile ar gcuid déunarán.
18. Tabhruidh aire re Hisraél do réir na feóla: a né nách bí cuid ronna don naltóir ag an druing itheas na hiódhbartha?
19. Uime sin créud a deirim? a né go bhfuil éifeachd sa niodhail, nó go bhfuil éifeachd sa ní íodhbarthar diodhaluibh?
20. Achd a deirim, gur do dhiabhlaibh iodhbruid na Cineadhacha, na neithe íodhbruid síad, agus nach do Dhía: agus ní háill leam cumann do bheith aguibhsi ris na diabhluibh.
21. Ní héidir libh cupán an Tighearna díbhe, agus cupán na ndeamhan: ní héidir libh comhruinn bhuird an Tighearna dfagháil, agus bhuird na ndeamhan.