Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 10:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Tuilleadh eile fós, a dhearbhraithreacha, ní háill leam bheith dhíbh ainbhfeasach, go rabhadar ar naithre uile fáoi an néul, agus go ndeachadar uile thríd a nfairrge:

2. Agus gur baisdeadh íad uile lé Máoisi sa néull agus sa bhfáirrge;

3. Agus gur itheadar uile áon bhíadh amháin sbioradálta;

4. Agus gur ibheadar uile dáoindigh amháin sbioradálta: oír do ibheadar don Charruic sbioradálta do lean íad: agus dob í an Charruic sin Críosd.

5. Achd ní raibh Dia réidh re mórán aca: óir do sgriosadh íad sa bhfásach.

6. Atáid na neithesi a nois na néisiompláiribh aguinne, ionnus nách bíadh fonn droichneithe orainne, amhail do bhí orrthasan fós.

7. Uime sin na bíghídhsi bhur luchd iodhaladhruigh, mar do bhí dream acasan; amhail atá sgríobhtha, Do shuigh an pobal síos chum ithe agus ibhthe, agus do éirgheadar na seasamh chum súgartha.

8. Agus ná déanaimne sdríopachas, amhuil do rinneadar cuid acasan, agus do tuiteadar a néunló trí mhíle fhichiot pearsa.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 10