Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ccorintiánach 1:26-31 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

26. Oír a dhearbhraithreacha, do chí sibh bhur ngairm, nach iomdhá dhibh eagnuighe do réir na feóla, ní hiomdha cúmhachdach, ní hiomdha úasal:

27. Achd do thogh Día neithe éigcríonna an tsáoghail chum adhnáire do chur ar na dáoinibh eagnuidhe; agus do thogh Día neithe neimhneartmhara an tsáoghail chum adhnáire do chur air na neithibh neartmhara;

28. Agus do thogh Día, neithe anúaisle an tsáoghail, agus na neithe tarcuisneacha, agus na neithe nach bhfuil ann, chum na neitheann atá ann do chur a neimhbhrígh:

29. Ionnus nach déanadh feóil air bith uáill iona fhíadhnaise.

30. Achd as úadhasan atá sibhse a Niósa Críosd, noch atá ar na dhéunamh ó Dhía dhúinne na eagna, agus na fhíréuntachd, agus na náomhthachd, agus na fhúasgladh:

31. Ionnus, do reir mar atá sgriobhtha, An tí do ní máoithfeachus, déunadh sé máoithfeachas sa Dtighearna.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ccorintiánach 1