6. Do chuiris mé annsa log íochdarach, a ndorchadus, annsna háitibh doimhne.
7. Is orumsa chomhnuigheas do dhíbhfhearg, agus do bhuáidhris mé red uile thonnuibh. Selah.
8. Do áthraidh tú a bhfad uáim mo luchd cumuinn; do rinnis am úathbhás dóibh mé: atáim ar míadhagh a stigh, agus ní fhéadam teachd amach.
9. Do ní mo shúil doilghios cionnus atáim buáidheartha: do ghoirios ortsa a THIGHEARNA, ar feadh an laói, do shíneas amach mo lámha chugad.
10. A ndéana tú do na marbhuibh iongnadh? a néireochuidh an drong fuáir bás dot mholadh? Selah.
11. An bhfoillseochthar do thrócaire san nuáidh? thfírinne a ndíothláithriughadh?
12. A naitheontar hobair iongantach annsa dorchadas? thfíréantachd a dtalamh an dearmaid?
13. Acht chughadsa do ghoireas, a THIGHEARNA; tiucfa murnaigh ar maidin ós do choinne.
14. A THIGHEARNA, cred fa tteilgir seachad manam? cred fa bhfolchann tú haghaidh orum?
15. Duine bocht troirthlighe misi óm óige: fuilingim húathbhássa atáim air mo bhuáidhreadh.
16. Do chuáidh thfearg aidhmhéil thorum; do ghearradar húathbháis amach mé.
17. Do ghabhadar am thimchioll amhuil uisge ar feadh an laói; thangadar go croinn a néinfheachd am thimchioll.
18. Do áthruigh tú a bhfad uáim fear grádha, agus cara agus an lucht dar bhaithne mé a ndorchadas.