Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 86:1-10 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Claon do chlúas a núas, a THIGHEARNA, cluin mé: oír atáim bocht agus uireasbhach.

2. Coimhéad manam, óir atáim náomhtha: ó mo Dhía, sáor do sheirbhíseach noch chuirios a dhóigh ionnad.

3. Déan trocaire orum, a THIGHEARNA: óir is chugadsa ghairim ar feadh an láoi.

4. Gáirdigh anam do sheirbhísigh: óir is chugadsa, a THIGHEARNA, thógbhuim súas manam.

5. Oír tusa, a THIGHEARNA, atáoi maith agus maithfeach; agus ro thrócaireach don luchd ghairios ort.

6. Tabhair éisdeachd, a THIGHEARNA, dom urnaigh; tabhair aire do ghuth mo ghearáin.

7. A ló mo bhuáidheartha gairfiod ortsa: óir freagorá tú mé.

8. Ní bhfuil do shamhuilse a measc na ndée, a THIGHEARNA; agus ní bhfuilid neithe cosmhuil red oibreachaibh.

9. Tiocfaid na huile chineadhacha do rinnis agus do dhéanaid adhra ós do choinne, a THIGHEARNA; agus do dhéanaid hainm do ghlórughadh.

10. Oír is mór thusa, agus do nír neithe iongantacha: is tú féin Día amháin.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 86