Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 61:1-8 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

1. Eist mo chomhairc, a Dhé; tabhair aire dom ghuidhe.

2. O théorannuibh na talmhan eighfiod chugadsa, a núair bhíos mo chroidhe fa thuirse: tréoruigh mé chum na cairge is áirde na mé.

3. Oír do bhí tú ad fhasgadh ágam, ad thor láidir ó aghaidh na namhad.

4. Do dhéanad comhnuighe ann do thabearnacuil go bráth: biáidh mo dhóigh a ccuim do sciathán. Selah.

5. Oír do chúala tusa, a Dhé, mo mhóide: thuguis oighreachd don druing air a bhfuil eagla hanma.

6. Cuirfidh tú láethe a ccionn láethe an rígh: biáidh a bhlíadhna mar do bhíath iomad ginealach.

7. Do dhéana sé comhnuighe choidhche as coinne Dé: ó ullmhuigh trócaire agus fírinne, noch choimhéadfas é.

8. Mársin chanfas misi psalm chúm hanmasa go bráth, do choimhlíonadh mo mhóide go láetheamhuil.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 61