Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 49:11-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

11. Síad smuáintighthe a ccroidhe, a ttighthe do mharthuinn go bráth, agus a náitreibh ó ghinealach go ginealach; do bheirid a nanmanna féin air a ndúthaigh.

12. Acht ní dhéana an duine comhnuidhe a noirdhearcus: is cosmhuil é ris na hainmhintibh mheathas.

13. So a slighe sé a néigcríonnachd é: agus taitnid a ráidhte ris an luchd thig na ndiáigh. Selah.

14. Cuirthear san úaidh íad mar cháorchaibh; iosfuidh an bás íad; biáidh úachdaránachd ag an bhfíréun orra air maidin; agus cnaóifighear a mbréaghdhachd san úaidh as a nionad comhnuighe.

15. Acht sáorfa Día manamsa as láimh na húaidhe: óir géabhúidh sé chuige mé. Selah.

16. Ná bíodh eagla ort a nuáir do nithear duine saidhbhir, a nuáir mhéuduighthear glóir a thighe;

17. Oír an tan éugfas sé ní bheára éinní leis: ní rachaidh a ghlóir síos dá leanmhuin.

18. Bíodh gur bheannuigh sé a anam iona bheatha: agus go molfaid thú, mar do dhéanair maith dhuit féin.

19. Rachaidh sé go ginealach a aithreach; ní fhaicfidh solus go bráth.

20. An duine atá a noirdhearcus, agus nach ttuigionn, is cosmhail é ris na hainmhidhibh imthighios seachad.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 49