Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 18:7-25 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

7. Ann sin do chroith agus do chriothnuigh an talamh; agus do chriothnuigheadar íochdar na ccnoc agus do chriotheadar íad féin, do bhrígh go raibh teas feirge air.

8. Do chuáidh deatach suas tré na shróin phuill agus teine iosa bhéul ag cnaói: do lás gúal úadha.

9. Agus do chláon sé na neamha agus tháinic a núas: agus do bhí dorchadus fa na chosuibh.

10. Agus do bhí ag marcuigheachd ar Cherub, agus deitil sé; deitil go ro lúath ar sciothánuibh na gaóithe.

11. Do rinne a ionad uáigneach don dorchadus; uisgeadh dorcha agus néulla tiugha a naiéir bá páilliúin dóma thimchioll.

12. On deálradh do bhí as a choinne dimthigheadar a néulla tiugha, cloichshneachda, agus gúal teineadh.

13. Agus do rinne an TIGHEARNA tóirneach annsna neamhuibh, agus thug an té is ro áirde a ghuth; cloichshneachda agus gúal teineadh.

14. Fós, do chaith sé a shoighde, agus do spréidh sé íad; agus do chaith tinnteach, agus do chlaói íad.

15. Agus do chonncas aigéun na nuisgeadh, agus do nochtadh íochdar an domhuin ód achmhusansa, a THIGHEARNA, ó shoinnéun anála do shróna.

16. Do chuir sé a núas, do ghabh sé misi, do tharruing sé me as iomad uisgeadh.

17. Do sháor sé me óm námhuid neartmhuir, agus ón druing do fhúathaigh mé: óir do bhádar ro neartmhar orum.

18. Thangadar am aghaidh a ló mo thruáighmhéile: acht do bhí an TIGHEARNA na urrainn agam.

19. Agus thug sé amach a nionad fhairsing mé; do sháor sé mé, do bhrígh go raibh dúil aige ionnam.

20. Do aisig an TIGHEARNA dhamh do réir mfíréantachd; do reír ghloine mo lámh thug sé díoluigheachd dhamh.

21. Do bhrígh gur choimhéud mé slighthe an TIGHEARNA, agus nar fhill mé go cionntach ó mo Dhía.

22. Oír do bhádar a bhreitheamhnusa uile ós mo chomhair, agus níor chuireas a reachda uáim.

23. Agus do bhí mé díreach aige, agus do choimhéadas mé féin ó mo chionntuibh.

24. Agus thug an TIGHEARNA luáigheachd dhamh do reír mfíréuntachda, do reír ghloine mo lámh ós coinne a shúl.

25. Don trócaireach táisbeanfa tú thú féin trócaireach; ris an duine díreach táisbeanfa tú thú féin díreach;

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 18