Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 18:23-38 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

23. Agus do bhí mé díreach aige, agus do choimhéadas mé féin ó mo chionntuibh.

24. Agus thug an TIGHEARNA luáigheachd dhamh do reír mfíréuntachda, do reír ghloine mo lámh ós coinne a shúl.

25. Don trócaireach táisbeanfa tú thú féin trócaireach; ris an duine díreach táisbeanfa tú thú féin díreach;

26. Do nfíorghlan foillseachthair thú féin fíorghlan; agus leis an cceannairctheach foillseochthair thú féin ceannairctheach.

27. Oír sáorfa tú na daóine buáidheartha; agus bhéarair na súile ro árda a núas.

28. Oír lasfaidh tú mo chonniol: soillseochthuidh mo THIGHEARNA Día mo dhorchadus.

29. Oír tré do chungnamhso rithfiod thríd shlúagh; agus maille ré mo Dhía rachad do léim thar bhalla.

30. Do tháobh Dé, atá a shlighe iomlán: do dearbhadh bríathra an TIGHEARNA: is scíath é do nuile chuirios a ndóthchus ann.

31. Oír cía is Día acht an TIGHEARNA? cía is carruig acht ar Ndíane?

32. An Día noch ullmhuighios mé le neart, agus do ní mo shlighe iomlán.

33. Noch do ní mo chosa ionann ré cosuibh na neilteadh, agus shuighios mé ar mionaduibh árda.

34. An té mhuinios mo lámha chum cogadh, iondus go mbristior bogha crúadha rem lámhuibh.

35. Agus thuguis dhamh mar an gceudna scíath do shlánuighthe: agus do chonnaimh do lámh dheas súas mé, agus do mhéuduigh do cheansachd mé.

36. Fairseonguidh tú mo choiscéime fúm, agus ní sciorrfuid mo shála.

37. Do bhéar tóruigheacht dom naimhdibh, agus béarad orra: agus ní fhillfe mé go cclaóidhtear íad.

38. Gonfead íad thríotha iondus nach budh éidir léo éirghe: tuitfid fam chosuibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 18