Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 18:21-31 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Do bhrígh gur choimhéud mé slighthe an TIGHEARNA, agus nar fhill mé go cionntach ó mo Dhía.

22. Oír do bhádar a bhreitheamhnusa uile ós mo chomhair, agus níor chuireas a reachda uáim.

23. Agus do bhí mé díreach aige, agus do choimhéadas mé féin ó mo chionntuibh.

24. Agus thug an TIGHEARNA luáigheachd dhamh do reír mfíréuntachda, do reír ghloine mo lámh ós coinne a shúl.

25. Don trócaireach táisbeanfa tú thú féin trócaireach; ris an duine díreach táisbeanfa tú thú féin díreach;

26. Do nfíorghlan foillseachthair thú féin fíorghlan; agus leis an cceannairctheach foillseochthair thú féin ceannairctheach.

27. Oír sáorfa tú na daóine buáidheartha; agus bhéarair na súile ro árda a núas.

28. Oír lasfaidh tú mo chonniol: soillseochthuidh mo THIGHEARNA Día mo dhorchadus.

29. Oír tré do chungnamhso rithfiod thríd shlúagh; agus maille ré mo Dhía rachad do léim thar bhalla.

30. Do tháobh Dé, atá a shlighe iomlán: do dearbhadh bríathra an TIGHEARNA: is scíath é do nuile chuirios a ndóthchus ann.

31. Oír cía is Día acht an TIGHEARNA? cía is carruig acht ar Ndíane?

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 18