Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 18:13-27 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

13. Agus do rinne an TIGHEARNA tóirneach annsna neamhuibh, agus thug an té is ro áirde a ghuth; cloichshneachda agus gúal teineadh.

14. Fós, do chaith sé a shoighde, agus do spréidh sé íad; agus do chaith tinnteach, agus do chlaói íad.

15. Agus do chonncas aigéun na nuisgeadh, agus do nochtadh íochdar an domhuin ód achmhusansa, a THIGHEARNA, ó shoinnéun anála do shróna.

16. Do chuir sé a núas, do ghabh sé misi, do tharruing sé me as iomad uisgeadh.

17. Do sháor sé me óm námhuid neartmhuir, agus ón druing do fhúathaigh mé: óir do bhádar ro neartmhar orum.

18. Thangadar am aghaidh a ló mo thruáighmhéile: acht do bhí an TIGHEARNA na urrainn agam.

19. Agus thug sé amach a nionad fhairsing mé; do sháor sé mé, do bhrígh go raibh dúil aige ionnam.

20. Do aisig an TIGHEARNA dhamh do réir mfíréantachd; do reír ghloine mo lámh thug sé díoluigheachd dhamh.

21. Do bhrígh gur choimhéud mé slighthe an TIGHEARNA, agus nar fhill mé go cionntach ó mo Dhía.

22. Oír do bhádar a bhreitheamhnusa uile ós mo chomhair, agus níor chuireas a reachda uáim.

23. Agus do bhí mé díreach aige, agus do choimhéadas mé féin ó mo chionntuibh.

24. Agus thug an TIGHEARNA luáigheachd dhamh do reír mfíréuntachda, do reír ghloine mo lámh ós coinne a shúl.

25. Don trócaireach táisbeanfa tú thú féin trócaireach; ris an duine díreach táisbeanfa tú thú féin díreach;

26. Do nfíorghlan foillseachthair thú féin fíorghlan; agus leis an cceannairctheach foillseochthair thú féin ceannairctheach.

27. Oír sáorfa tú na daóine buáidheartha; agus bhéarair na súile ro árda a núas.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 18