Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 106:9-20 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

9. Agus dimdhearg sé an mhuir Rúadh mar an gceadna, agus do tiormuigheadh súas í: agus tugadh orrasan siubhal annsna haigéanuibh, mar an ndiothramh.

10. Agus do sháor sé íad ó na lámhuibhsion noch do fhúathaigh íad, agus dfúasgail sé íad amach as láimh na námhad.

11. Agus dfoluigh na huisgeadha a naimhde: níor fágbhadh áon aca.

12. Annsin do chreidiodar a bhríathra; do chanadar a mholadh.

13. Do dhearmadar go doith a oibreacha; níor fhanadar le na chomhairle:

14. Agus do rinneadar anntoil ré hainmhian san díothramh, agus do chuireadar cathughadh air Dhía annsa nuáignios.

15. Agus thug sé dhóibh a níarratas; acht do chuir crúas a steach iona ccroidhe.

16. Agus do thnúthuigheadar re Maóise mar an gceadna annsa champa, agus ré Aaron áon náomhtha an TIGHEARNA.

17. Dfoscail an talamh agus do shluig sé Dátan, agus dfoluigh sé coimhthionól Abíram.

18. Agus do faduigheadh teine iona ccomhdháil; do loisg an lasair súas na ciontuigh.

19. Do rinneadar láogh ann Hóreb, agus do adhradar don íomháigh leaghtha.

20. Agus do áthruigheadar a nglóir a gcosamhlachd dhaimh noch ithios féur.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 106