Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 106:41-47 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

41. Agus thug sé íad a láimh na gcineadhach; agus do bhádar na ttighearnuibh ós a gcionn agá raibh fúath orra.

42. Agus bhrúigheadar a naimhde íad mar an gceadna, agus do bhádar ar na númhlughadh fáoi na láimh.

43. Do sháor sé íad go minic; agus do bhrostuigheadar é le na ccomhairlibh; agus do hísligheadh íad ar son a gcionta.

44. Acht gidheadh do chonnairc sé an tan do bhíodh anacair orra, a nuáir do chúalaidh sé a néighmhe:

45. Agus do chuimhnigh sé dhóibh a chunradh, agus do bhí aithreachus air do réir iomad a thrócaire.

46. Agus thug sé air gach áon dá rug léo íad a mbraighdionas truaighe do dhéanamh dhóibh.

47. Sáor sinn, a THIGHEARNA ar Ndía, agus cruinnigh sinn ó na cineadhachaibh, chum buidheachus do thabhairt dot ainm náomhtha, agus do chaithréimiughadh ann do mholadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 106