Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Psailm 106:21-41 Bedell An Biobla Naomhtha 1817 (BEDELL)

21. Do dhearmadar Día a slánaightheóir, noch do rinne neithe móra san Négipt;

22. Ionganta a ttalamh Cham, neithe úathbhásacha ag an muir Ruáidh.

23. Agus do labhair sé dá milleadh, mun bheith gur sheas Maóise a fhear toghtha annsa mbeirn ós a choinne, diompógh a fheirge úatha, deaglo go scriosfadh sé íad.

24. Agus do tharcuisnigheadar an talamh áoibhinn, níor chreideadar a bhriathar:

25. Agus do rinneadar ithiomrádh iona bpáillíunuibh, níor éisteadar re guth an TIGHEARNA.

26. Agus do thóig seision súas a lámh na naghaidh, da sgrios annsa díothramh:

27. Do sgrios a sleachda mar an ccéadna a measg na gcineadhach, agus da spréaghadh annsa dúthaigh.

28. Agus do cheangladar íad féin ré Baal-peor mar an gceadna, agus dithiodar íodhbartha na marbh.

29. Agus do bhrostuigheadar chum feirge é le na ngníomhuibh: agus do bhris an phláigh a steach orra.

30. Agus déirghidh Phineas súas, agus do chuir breitheamhnus a ccrích: agus do toirmiosgadh an phláigh.

31. Agus do measadh sin dó mar fhiréuntachd ó ghinealach go ginealach go síorruighe.

32. Agus do bhrostuigheadar é mar an gceudna ag uisgeadhuibh Meribah, agus do bhí sin go holc ag Maóise air a sonsan:

33. Do bhrígh gur bhrostuigheadar a spiorad, agus gur labhair sé go neimhchéillighe lé na bhéul.

34. Níor mhilliodar na cineadhacha, da ttáobh a ttug an TIGHEARNA aithne dhóibh:

35. Acht do choimhmeasgadar íad féin leis na cineadhachaibh, agus do rinneadar a noibreacha dfoghluim.

36. Agus do adhradar dá niodhaluibh: agus do bhádar dóibhsion mar phaintéar.

37. Agus do íodhbradar a mic agus a ninghiona do dhíabhluibh,

38. Agus do dhóirteadar fuil neimhchiontach, fuil a mac agus a ninghean, noch do íodhbradar do dhíabhluibh Chánáan: agus do bhí an talamh ar na thruailliughadh le fuil.

39. Agus do bhádar ar na salchadh le na noibreachaibh féin, agus do chuadar re méirdreachus le na naigiontaibh féin.

40. Ar an abharsin do bhí an TIGHEARNA feargach le na dhaóinibh, agus dfúathaigh sé a oighreacht féin.

41. Agus thug sé íad a láimh na gcineadhach; agus do bhádar na ttighearnuibh ós a gcionn agá raibh fúath orra.

Léigh chaibidil críochnaithe Psailm 106