18. Agus do faduigheadh teine iona ccomhdháil; do loisg an lasair súas na ciontuigh.
19. Do rinneadar láogh ann Hóreb, agus do adhradar don íomháigh leaghtha.
20. Agus do áthruigheadar a nglóir a gcosamhlachd dhaimh noch ithios féur.
21. Do dhearmadar Día a slánaightheóir, noch do rinne neithe móra san Négipt;
22. Ionganta a ttalamh Cham, neithe úathbhásacha ag an muir Ruáidh.
23. Agus do labhair sé dá milleadh, mun bheith gur sheas Maóise a fhear toghtha annsa mbeirn ós a choinne, diompógh a fheirge úatha, deaglo go scriosfadh sé íad.
24. Agus do tharcuisnigheadar an talamh áoibhinn, níor chreideadar a bhriathar:
25. Agus do rinneadar ithiomrádh iona bpáillíunuibh, níor éisteadar re guth an TIGHEARNA.