1. Moluidhe an TIGHEARNA. O tabharíghe búidheachas don DTIGHEARNA; óir is maith é: óir mairidh a thrócaire go síorruidhe.
2. Cía fhéadas neart an TIGHEARNA chanamhuin? a mholadh uile dfoillsiughadh?
3. Is beannuighe an drong noch choimhéadas breitheamhnus, an tí do ní firéuntas san nuile am.
4. Cuimhnigh orumsa, a THIGHEARNA, re fabhar do dhaoine: fiosruigh mé red shlánughadh;
5. Ionnus go bhfaicfe mé maith do dhaóine toghtha, go ndéana mé gairdeachus a lúathgháire do dhaoine, go ndéana mé glóir led oighreachd.
6. Do pheacuigheamar lé ar naithribh, do rinneamar cionta, do rinneamar neithe coiripe.