Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 3:5-21 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ach má dhéanann ár gcuid urchóide fíréantacht Dé a léiriú, cad a déarfaimid? An bhfuil Dia éagórach má agraíonn sé a chuid feirge orainn? i dtéarmaí an duine atáim ag caint.

6. Níl ná éagórach, mar dá mbeadh conas a thabharfadh Dia breith ar an domhan?

7. Mar sin féin, má dhéanann mo chuid éithighse fírinne Dé a mhéadú agus cur lena glóir, cén fáth a dtugtar breith pheacaigh fós orm?

8. Mar an amhlaidh a “dhéanfaimis an t‑olc chun go dtiocfadh an mhaith as”, teagasc a chasann daoine áirithe linn mar mhilleadh ar ár gclú. Is maith atá a ndaoradh tuillte acu siúd.

9. Cad atá le rá mar sin? An fearr an bhail atá orainne ná mar atá orthusan? Ní fearr ar chor ar bith, mar chuireamar i leith Giúdach agus Gréagach cheana féin go bhfuil siad uile faoi smacht an pheaca

10. de réir mar atá scríofa:Níl oiread agus aon fhíréan amháin fágtha;

11. Níl duine ann a bhfuil tuiscint aigená duine a bhfuil lorg aige ar Dhia.

12. Tá siad uile imithe ar seachrán agus chun fáin le chéile.Níl oiread agus aon duine amháin a dhéanann an mhaith.

13. Tá a scornach mar a bheadh tuama ar leathadh;caint chealgach a bhíonn ar a dteangaagus nimh nathracha faoina mbeola,

14. agus a mbéal lán d'eascainí agus de bhinb.

15. Is lúfar a gcosa chun fuil a dhoirteadh.

16. Eirleach agus ainnise atá ar an mbóthar a ghabhann siad,

17. ach bóthar na síochaná ní aithnid dóibh,

18. ná níl eagla Dé os comhair a súl.

19. Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.

20. Mar ní fhíréanófar duine ar bith i bhfianaise Dé as an dlí a chomhlíonadh. Óir is aithne ar an bpeaca a thagann ón dlí.

21. Anois, áfach, tá fíréantacht Dé arna nochtadh gan spleáchas leis an dlí ach go bhfuil an dlí agus na fáithe ina bhfianaise uirthi.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 3