1. Cad é an buntáiste atá ag an nGiúdach mar sin? Nó cad é an tairbhe dó an timpeallghearradh?
2. Tá tairbhe mhór ann ar gach slí. Ar an gcéad dul síos is faoi chúram na nGiúdach a cuireadh ráite Dé.
3. Má bhí féin cuid acu mídhílis, an gcuirfidh a mídhílseacht sin dílseacht Dé ar ceal?
4. Go deimhin ní chuirfidh. Caithfidh Dia a bheith fíor más fealltóir féin gach uile dhuine, de réir mar atá scríofa: “Ionas go bhfógrófaí fíor thú i do bhriathra agus go mbeadh an bua leat i do chúis.”
5. Ach má dhéanann ár gcuid urchóide fíréantacht Dé a léiriú, cad a déarfaimid? An bhfuil Dia éagórach má agraíonn sé a chuid feirge orainn? i dtéarmaí an duine atáim ag caint.
6. Níl ná éagórach, mar dá mbeadh conas a thabharfadh Dia breith ar an domhan?
7. Mar sin féin, má dhéanann mo chuid éithighse fírinne Dé a mhéadú agus cur lena glóir, cén fáth a dtugtar breith pheacaigh fós orm?