Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Rómhánaigh 2:17-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Má thugann tusa Giúdach ort féin; agus go bhfuil do sheasamh ar an dlí; agus tú muiníneach as Dia agus fios a thola agat;

18. agus, de bhrí go mbíonn tú do do theagasc ag an dlí, go n‑aithníonn tú na nithe is fiúntaí;

19. má tá tú cinnte de, mar sin, gur giolla do na daill tú agus solas don mhuintir atá sa dorchadas,

20. gur tú oide na n‑ainbhiosán agus muinteoir na naíonán mar go bhfuil corp an eolais agus na fírinne agat sa dlí -

21. tusa, más ea, a bhíonn ag múineadh an fhir thall, nach múinfeá thú féin? Bíonn tú ag fógairt gan goid a dhéanamh, ach an mbíonn tú féin ag goid?

22. Bíonn tú á rá gan adhaltranas a dhéanamh, ach an ndéanann tú féin adhaltranas? Is fuath leat na híola, ach an gcreachann tú a dteampaill?

23. Bíonn tú maíteach as an dlí ach an dtugann tú tarcaisne do Dhia tríd an dlí a bhriseadh?

24. Mar de réir an scrioptúir: “Is sibhse faoi deara ainm Dé a bheith á mhaslú i measc na ngintlithe.”

25. Is tairbheach é an timpeallghearradh go deimhin má choimeádann tú an dlí, ach más duine thú a bhriseann an dlí is cuma do thimpeallghearradh a bheith ann nó as.

26. Ar an taobh eile de, an fear nach bhfuil timpeallghearrtha ach a choimeádann reachtanna an dlí, nach n‑áireofar é siúd nach bhfuil timpeallghearrtha mar dhuine atá?

27. Go deimhin an té atá gan timpeallghearradh na colainne, má chomhlíonann sé an dlí tabharfaidh sé daorbhreith ortsa a bhíonn ag sárú an dlí d'ainneoin cód scríofa agus timpeallghearradh a bheith agat.

28. Mar ní fíorGhiúdach an té atá ina Ghiúdach ar an taobh amuigh, ná ní fíorthimpeallghearradh an marc lasmuigh ar an gcolainn.

29. Ní hea, ach is é is fíorGhiúdach ann an té atá ina Ghiúdach ina chroí istigh; agus is é is fíorthimpeallghearradh ann, timpeallghearradh an chroí nach sa litir ach sa spiorad atá. Ní ó dhaoine ach ó Dhia a fhaigheann a leithéid siúd moladh.

Léigh chaibidil críochnaithe Rómhánaigh 2