Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 9:18-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Le linn dó bheith ag caint leo, tháinig ceann urra agus d'umhlaigh síos ina láthair agus dúirt: “An iníon atá agam, fuair sí bás anois, díreach, ach tar thusa, cuir do lámh uirthi agus beidh sí beo.”

19. D'éirigh Íosa agus lean é, é féin agus a dheisceabail.

20. Agus bean a raibh rith fola uirthi ar feadh dhá bhliain déag, tháinig sí taobh thiar de agus chuir sí a lámh le scothóg a bhrait,

21. mar dúirt sí léi féin: “Mura ndéanaim ach mo lámh a chur lena bhrat, beidh mé slán.”

22. Chas Íosa timpeall agus chonaic í agus dúirt: “Bíodh misneach agat, a iníon: shlánaigh do chreideamh thú.” Agus bhí a sláinte aici ón nóiméad sin amach.

23. Ar theacht isteach i dteach an chinn urra dó, nuair a chonaic Íosa lucht na bhfliút agus an slua ag déanamh calláin,

24. “Imígí libh,” ar seisean, “ní marbh atá an cailín; ina codladh atá sí,” ach bhí siad ag magadh faoi.

25. Tiomáineadh an slua amach agus ansin, tar éis dó dul isteach, rug sé ar láimh ar an gcailín, agus d'éirigh sí aniar.

26. Agus chuaigh cáil an scéil ar fud na tíre sin go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 9