Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 22:3-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Chuir sé a chuid seirbhíseach uaidh ag glaoch orthu seo a fuair cuireadh chun na bainise, ach níorbh áil leo teacht.

4. Ansin chuir sé seirbhísigh eile uaidh agus dúirt leo a rá leo siúd a fuair an cuireadh: ‘Feach, tá an féasta ullamh agam, mo chuid mart agus méithe maraithe, agus gach aon ní i gcóir: tagaigí chun na bainise.’

5. Ach ba chuma leo é, ach imeacht, duine acu chun a fheirme agus duine eile i mbun cheannaíochta,

6. agus an chuid eile acu rug siad ar a chuid seirbhíseach, thug siad easmailt dóibh agus mharaigh siad iad.

7. Tháinig fearg ar an rí, agus chuir sé a shaighdiúirí amach gur chuir siad na scriosadóirí chun báis agus gur loisc siad a gcathair.

8. Ansin dúirt sé leis na seirbhísigh: ‘Tá an bhainis réidh, ach an dream a fuair an cuireadh, níorbh fhiú iad é.

9. Mar sin, téigí sibhse i mbéal na mbóithre poiblí, agus cibé daoine a chasfar oraibh, tugaigí cuireadh chun na bainise dóibh.’

10. Chuaigh na seirbhísigh sin amach ar na bóithre agus bhailigh siad ar casadh orthu, olc agus maith, go raibh halla na bainise lán de chuideachta.

11. Ghabh an rí isteach ag féachaint ar an gcuideachta, agus chonaic sé fear ann nach raibh aon éadach bainise air.

12. Dúirt sé leis: ‘Cad a thug isteach anseo thú, a chara, gan éadach bainise ort?’ Ach ní raibh focal as.

13. Ansin dúirt an rí leis an lucht freastail: ‘Cuirtear ceangal cos agus lámh air agus caítear amach sa dorchadas é: is ann a bheidh gol agus díoscán fiacla.’

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 22