Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 20:21-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Dúirt sé léi: “Cad ab áil leat?” “Tá,” ar sise leis, “an bheirt mhac seo agamsa, go n‑ordófá iad a bheith ina suí, duine acu ar do dheis agus an duine eile ar do chlé, i do ríocht.”

22. D'fhreagair Íosa: “Níl a fhios agaibh cad atá sibh a iarraidh,” ar seisean. “An bhféadann sibh an cupa a ól atá le hól agamsa?” Dúirt siad leis: “Féadaimid.”

23. Dúirt sé leo: “Ólfaidh sibh go deimhin as mo chupa, ach maidir le suí ar mo dheis nó ar mo chlé, ní agamsa atá é sin a thabhairt ach is dóibh siúd é dá bhfuil sé i ndán ag m'Athair.”

24. Ar a chloisteáil sin don deichniúr, bhí míchéadfa acu ar an mbeirt dearthár.

25. Ach ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt: “Tá a fhios agaibh go mbíonn prionsaí na ngintlithe ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu.

26. Ach ní mar sin a bheidh an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh,

27. agus an duine ar mian leis bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábha daoibh;

28. díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”

29. Ag dul amach as Ireachó dóibh, lean slua mór é,

30. agus bhí an bheirt dhall seo ina suí le hais an bhóthair. Nuair a chuala siad go raibh Íosa ag dul thar bráid, scread siad amach: “A Thiarna, déan trócaire orainn, a Mhic Dháiví!”

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 20