Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 18:15-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. “Má dhéanann do bhráthair peaca i d'aghaidh, gabh chuige á áiteamh air is gan ann ach é agus tú.

16. Má éisteann sé leat, tá tú tar éis do bhráthair a thabhairt leat;

17. ach mura n‑éisteann, beir leat duine nó beirt eile, chun go mbeadh focal a dó nó a trí d'fhinnéithe ag deimhniú gach scéil. Má dhiúltaíonn sé éisteacht leo sin, inis don eaglais é; agus má dhiúltaíonn éisteacht leis an eaglais féin, bíodh sé ina phágánach agus ina phoibleacánach agat.

18. “Deirim libh go fírinneach, gach uile ní a cheanglaíonn sibh ar talamh beidh siad ceangailte ar neamh, agus nithe ar bith a scaoilfidh sibh ar talamh beidh siad scaoilte ar neamh.

19. “Agus deirim go fírinneach rud eile libh má bhíonn beirt agaibh ar talamh ar aon aigne faoi rud ar bith a bhíonn le hiarraidh acu, beidh sé le fáil acu ó m'Athair atá ar neamh.

20. Óir, mar a mbíonn beirt nó triúr tagtha i gceann a chéile i m'ainmse, bím féin ansin ina measc.”

21. Tháinig Peadar chuige ansin agus dúirt leis: “A Thiarna, cé mhéad uair ba cheart dom pardún a thabhairt do mo bhráthair nuair a chiontaíonn i m'aghaidh? Go dtí seacht n‑uaire?”

22. Dúirt Íosa leis: “Ní go dtí seacht n‑uaire a deirimse leat ach go dtí seacht n‑uaire seachtód.

23. “Agus dá réir sin is iad dála ríocht na bhflaitheas mar a bhí ag rí arbh áil leis cuntais a réiteach lena chuid seirbhíseach.

24. Agus i dtosach an réitigh dó, tugadh chuige duine a raibh deich míle tallann amuigh air.

25. Agus ó tharla gan an t‑íoc a bheith aige, d'ordaigh an maistir é a dhíol, agus a bhean agus a chlann agus a raibh aige, agus an t‑íoc a dhéanamh.

26. Mar sin, chaith an seirbhíseach é féin ar lár, agus ag umhlú dó dúirt: ‘Bíodh foighne agat liom a mháistir, agus íocfaidh mé an t‑iomlán leat.’

27. Agus le barr trua, scaoil máistir an tseirbhísigh sin uaidh é agus mhaith na fiacha dó.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 18