Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Matha 1:15-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. ghin Eiliúd Eiliazar; ghin Eiliazar Matan; ghin Matan Iacób;

16. ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.

17. A bhfuil de ghlúine ann dá bhrí sin: ó Abrahám go dtí Dáiví, ceithre glúine déag; ó Dháiví go dtí broid na Bablóine, ceithre glúine déag; agus ó bhroid na Bablóine go dtí Críost, ceithre glúine déag.

18. Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh.

19. Ba dhuine cóir a fear céile Iósaef, ach níorbh áil leis go dtabharfaí míchlú di, agus chinn sé í a scaoileadh uaidh os íseal.

20. Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.

21. Béarfaidh sí mac, agus tabharfaidh tú Íosa mar ainm air, óir slánóidh sé a phobal óna bpeacaí.”

22. Thit an méid sin go léir amach chun go gcomhlíonfaí a ndúirt an Tiarna tríd an bhfáidh:

23. “Beidh an mhaighdean torrach agus béarfaidh sí macagus tabharfar Imeánuéil mar ainm air,”- ainm a chiallaíonn: Tá Dia linn.

24. Dhúisigh Iósaef agus d'éirigh, agus rinne mar d'ordaigh aingeal an Tiarna dó: 25 a bhean a thabhairt abhaile leis. Ach ní raibh cuid aige di nó gur rug sí mac, agus thug sé Íosa mar ainm air.

Léigh chaibidil críochnaithe Matha 1