26. Agus chuir sé chun a thí féin é ag rá: “Ná téigh isteach sa bhaile, fiú amháin.”
27. D'imigh Íosa agus a chuid deisceabal go dtí na bailte i gCéasaráia Philib, agus sa tslí dóibh d'fhiafraigh sé dá dheisceabail: “Cé hé a deir na daoine mise?”
28. Dúirt siad leis: “Eoin Baiste, agus cuid eile acu Éilias, cuid eile duine de na fáithe.”
29. D'fhiafraigh sé díobh: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Dúirt Peadar leis á fhreagairt: “Is tú an Críost.”
30. Agus d'ordaigh sé dóibh go géar gan labhairt mar gheall air le haon duine.
31. Thosaigh sé á theagasc dóibh nárbh fholáir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus óna scríobhaithe agus a chur chun báis agus éirí arís tar éis trí lá.
32. Agus labhair sé an méid sin go hoscailte. Ach thug Peadar ar fhód ar leith é agus thosaigh ag tabhairt casaoide dó.
33. Ach d'iompaigh seisean thairis, agus ar fheiceáil a dheisceabal dó, thug sé casaoid do Pheadar agus dúirt: “Siar i mo dhiaidh leat, a Shátain, mar ní hiad smaointe Dé atá i d'aigne ach smaointe daoine.”
34. Ghlaoigh sé chuige an slua mar aon lena dheisceabail agus dúirt sé leo: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros agus leanadh mé.
35. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa agus ar an soiscéal, saorfaidh sé é.
36. Óir cá fearrde duine an domhan go léir a ghnóthú agus a anam féin a ligean ar ceal?
37. Óir cad a d'fhéadfadh duine a thabhairt mar mhalairt ar a anam?
38. Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra sa ghlúin adhaltrach pheacúil seo, is nár le Mac an Duine eisean mar an gcéanna nuair a thiocfaidh sé i nglóir a Athar in éineacht leis na haingil naofa.”