Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 8:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sna laethanta sin, nuair a bhí slua mór ann arís agus gan aon ní le hithe acu, ghlaoigh sé na deisceabail chuige agus dúirt sé leo:

2. “Tá trua agam don slua, mar tá trí lá tugtha acu liom anois agus gan aon ní le hithe acu,

3. agus má scaoilim chun siúil abhaile iad ar céalacan, buailfidh laige iad sa tslí, agus tá cuid acu a tháinig i bhfad ó bhaile.”

4. D'fhreagair a dheisceabail é: “Cá bhféadfadh duine a ndóthain aráin a fháil dóibh seo anseo san fhásach?”

5. D'fhiafraigh sé díobh: “Cé mhéad builín atá agaibh?” “Tá a seacht,” ar siadsan.

6. D'ordaigh sé don slua ligean fúthu ar an talamh, agus thóg sé na seacht mbuilíní, d'altaigh, bhris agus thug dá dheisceabail le cur os a gcomhair agus chuir siad os comhair an tslua iad,

7. agus bhí beagán mioniasc acu, agus ar a mbeannú dó dúirt sé iadsan a chur os a gcomhair freisin.

8. D'ith siad agus bhí siad sách, agus thóg siad suas an bruscar fuílligh, seacht gcléibhíní.

9. Timpeall ceithre mhíle a bhí ann, agus scaoil sé uaidh iad.

10. Chuaigh sé ar bord an bháid láithreach, é féin agus a dheisceabail, agus tháinig go ceantar Dalmanútá.

11. Tháinig na Fairisínigh agus thosaigh siad ag argóint leis, ag lorg comhartha ó na flaithis uaidh, ag baint trialach as.

12. Rinne sé osna dhomhain ina spiorad agus dúirt: “Cén fáth a bhfuil an ghlúin seo ag lorg comhartha? Deirim libh go fírinneach, ní thabharfar comhartha don ghlúin seo.”

13. D'fhág sé iad agus ar dhul ar bord dó arís chuaigh sé go dtí an taobh eile.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 8