Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 4:27-41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. agus go gcodlódh sé féin agus go n‑éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan fhios dó.

28. Tugann an talamh toradh uaidh féin, an geamhar ar dtús, an dias ansin, ansin an gráinne iomlán sa dias.

29. Nuair a bhíonn an barr aibí, tugann sé an corrán dó gan mhoill de bhrí go mbíonn an fómhar ar fáil.”

30. Agus dúirt: “Cad leis a gcuirfimid ríocht Dé i gcomparáid, nó cén parabal a luafaimid léi?

31. Tá sí mar a bheadh gráinne de shíol mustaird, atá ar an ngráinnín síl is lú ar bith de na síolta go léir nuair a bhíonn sé á chur sa talamh,

32. ach nuair a bhíonn sé curtha, fásann sé suas agus bíonn ar an gceann is mó de na glasraí go léir agus cuireann sé craobhacha móra amach sa chaoi go bhféadann éanlaith an aeir dul ar foscadh faoina scáth.”

33. Is trí mhórchuid parabal den sórt sin a bhíodh sé ag labhairt an bhriathair leo, de réir mar a d'fhéad siad éisteacht leis.

34. Ní labhraíodh sé leo gan pharabal, ach go míníodh sé gach aon ní dá dheisceabail féin os íseal.

35. Nuair a bhí an tráthnóna ann an lá sin, dúirt sé leo: “Téimis trasna anonn.”

36. Agus ag fágáil an tslua ina ndiaidh, thug siad leo é sa bhád mar a bhí sé, agus bhí báid eile á thionlacan.

37. D'éirigh cuaifeach mór gaoithe, agus bhí na farraigí ag bualadh an bháid sa chaoi go raibh sí ag líonadh cheana féin.

38. Bhí sé féin i ndeireadh an bháid ina chodladh agus a cheann ar an bpillín, agus mhúscail siad é agus dúirt leis: “A Mháistir, an ea nach cás leat go bhfuil an bás againn?”

39. Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus dúirt leis an bhfarraige: “Éist, bí socair!” Agus thit an ghaoth, agus bhí sé ina théigle mhór. Dúirt sé leo:

40. “Cén fáth a bhfuil an eagla seo oraibh? An ea nach bhfuil creideamh agaibh?”

41. Bhí uamhan agus eagla orthu agus bhí siad á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go ndéanann gaoth agus farraige rud air?”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 4