Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 4:13-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Agus dúirt sé leo: “An ea nach dtuigeann sibh an parabal seo? Conas a gheobhaidh sibh fios ar na parabail uile?

14. Síolann an síoladóir an briathar.

15. Na daoine seo le hais an bhóthair, mar a shíoltar an briathar, is daoine iad agus nuair a chluineann siad, tagann Sátan láithreach agus tógann an briathar a shíoltar iontu.

16. Mar an gcéanna, is iad na daoine a ghlac an síol ar an gcreagán, iad seo a ghabhann an briathar chucu le háthas láithreach nuair a chluineann siad é,

17. ach ní bhíonn fréamh acu iontu féin ach iad neamhbhuan agus ansin, nuair a bhíonn trioblóid nó géarleanúint ann mar gheall ar an mbriathar, cliseann orthu láithreach.

18. Daoine eile iad seo a ghlac an síol sa deilgneach: is iad siúd na daoine a chuala an briathar,

19. ach go dtagann cúraimí an tsaoil agus mealladh an tsaibhris agus mianta i rudaí eile isteach, go bplúchann siad an briathar agus fágtar gan toradh é.

20. Agus iad seo a ghlac an síol ar an talamh maith, is iad seo na daoine a chluineann an briathar agus a ghabhann chucu é, agus a thugann toradh uathu faoi thríocha agus faoi sheasca agus faoi chéad.”

21. Dúirt sé leo: “An dtugtar lampa isteach chun go gcuirfí faoi bhéal peice é, nó faoi leaba? Nach ar chrann solais atá sé le cur?

22. Óir níl aon ní faoi cheilt ach chun go mbeadh sé soiléir, ná aon ní ina rún ach chun go dtiocfadh sé chun solais.

23. Má bhíonn cluasa chun éisteachta ar aon duine éisteadh sé!”

24. Dúirt sé leo: “Bígí aireach faoina gcluineann sibh. Is de réir an tomhais lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh, agus tabharfar tuilleadh daoibhse a chluineann.

25. Óir an duine a mbíonn ní aige, tabharfar dó, agus an duine a bhíonn gan ní bainfear de fiú amháin a mbíonn aige.”

26. Agus dúirt: “Is amhlaidh atá ríocht Dé, mar a scaipfeadh duine síol ar an talamh,

27. agus go gcodlódh sé féin agus go n‑éireodh, oíche agus lá, agus go mbeadh an síol ag eascar agus ag fás gan fhios dó.

28. Tugann an talamh toradh uaidh féin, an geamhar ar dtús, an dias ansin, ansin an gráinne iomlán sa dias.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 4