Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 3:21-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. Agus nuair a fuair a mhuintir scéala air, ghabh siad amach d'fhonn breith air, mar bhí siad ag rá: “As a mheabhair atá sé.”

22. Agus na scríobhaithe a bhí tar éis teacht anuas ó Iarúsailéim, deiridís: “Béalzabúl atá ann,” agus “Is trí phrionsa na ndeamhan a chaitheann sé na deamhain amach.”

23. Ghlaoigh sé chuige iad agus labhair sé i bparabail leo: “Conas a fhéadann Sátan Sátan a chaitheamh amach?

24. Má bhíonn ríocht ar deighilt ina haghaidh féin, ní fhéadann an ríocht sin seasamh.

25. Agus má bhíonn teaghlach ar deighilt ina aghaidh féin, ní fhéadfaidh an teaghlach sin seasamh.

26. Agus má tá Sátan éirithe amach ina aghaidh féin agus é ar deighilt, ní fhéadann sé seasamh.

27. Ach ní fhéadfadh duine ar bith dul isteach i dteach an fhir láidir agus a urra tí a chreachadh gan an fear láidir a chur i ngéibheann ar dtús, agus ansin ní miste dó a theach a chreachadh.

28. “Deirim libh go fírinneach, maithfear don chine daonna a gcuid peacaí agus cibé diamhaslaí a dhéanfaidh siad,

29. ach duine ar bith a dhéanfaidh diamhasla in aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maithiúnas le fáil aige go deo, ach tá sé ciontach i bpeaca síoraí,” -

30. mar go ndúirt siad: “Tá spiorad míghlan ann.”

31. Ansin tháinig a mháthair agus a bhráithre, agus ina seasamh dóibh amuigh chuir siad scéala chuige ag glaoch air.

32. Bhí slua ina suí timpeall air, agus dúirt siad leis: “Tá do mháthair agus do bhráithre amuigh do d'iarraidh.”

33. Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Cé hiad mo mháthair agus mo bhráithre?”

34. Agus ag dearcadh dó ar a raibh ina suí timpeall air, dúirt: “Seo iad mo mháthair agus mo bhráithre!

35. Óir, duine ar bith a dhéanfaidh toil Dé, sin é mo bhráthair agus mo shiúr agus mo mháthair.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 3