Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 13:2-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Dúirt Íosa leis: “An bhfeiceann tú na foirgnimh mhóra seo? Ní fhágfar cloch ar mhuin cloiche nach leagfar anuas.”

3. Agus ina shuí dó ar Chnoc na nOlóg ar aghaidh an Teampaill, chuir Peadar, Séamas, Eoin agus Aindrias ceist chuige ar leithligh:

4. “Inis dúinn cén uair a thitfidh an méid sin amach, agus cén comhartha a bheidh ar na nithe sin eile a bheith ag teacht chun cinn.”

5. Agus thosaigh Íosa ar a rá leo: “Bígí aireach agus ná cuireadh duine ar bith amú sibh.

6. Tiocfaidh a lán daoine i m'ainmse á rá: ‘Is mise é,’ agus cuirfidh siad a lán daoine amú.

7. Nuair a chluinfidh sibh caint ar chogaí agus ar ráflaí ar chogaí, ná glacaigí scéin; óir ní foláir sin a theacht chun cinn, ach ní hé deireadh fós é.

8. Óir éireoidh náisiún in aghaidh náisiúin agus ríocht in aghaidh ríochta. Beidh maidhmeanna talún anseo agus ansiúd; beidh gortaí. Ní bheidh sa mhéid sin ach na harraingeacha tosaigh.

9. “Féachaigí chugaibh féin. Tabharfaidh siad ar láimh sibh do na sainidríní agus buailfidh siad sibh sna sionagóga; seasfaidh sibh i láthair gobharnóirí agus ríthe mar gheall ormsa, chun fianaise a thabhairt os a gcomhair.

10. Ní foláir ar dtús an soiscéal a fhógairt do na náisiúin go léir.

11. Agus nuair a thabharfaidh siad leo sibh le tabhairt ar láimh, ná bígí go himníoch roimh ré féachaint cad a déarfaidh sibh, ach an rud a thabharfar daoibh an uair sin, abraigí é; óir ní sibhse a bheidh ag labhairt ach an Spiorad Naomh.

12. Tabharfaidh an deartháir a dheartháir suas chun báis, agus an t‑athair a mhac; éireoidh an chlann in aghaidh a dtuismitheoirí agus cuirfidh siad chun báis iad.

13. Beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse; ach an té a bheidh seasmhach go deireadh, slánófar eisean.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 13