Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 13:17-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin.

18. Bígí ag guí nach sa gheimhreadh a tharlóidh sé.

19. Óir beidh sna laethanta sin trioblóid nach raibh a leithéid ann ó thús an domhain, a rinne Dia, go dtí anois; agus nach mbeidh.

20. Agus mura ngiorródh an Tiarna na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán; ach ar son na dtofach a thogh sé, ghiorraigh sé na laethanta.

21. “Má deir aon duine libh ansin: ‘Féach, tá an Críost anseo,’ ‘Féach, ansiúd é,’ ná creidigí é.

22. Óir éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus tabharfaidh siad comharthaí uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mba fhéidir.

23. Sibhse, dá bhrí sin, bígí aireach. Féach, tá gach ní inste agam daoibh roimh ré.

24. “Ach sna laethanta sin, tar éis na trioblóide sin, dorchófar an ghrian, agus ní thabharfaidh an ghealach a solas,

25. agus beidh na réaltaí ag titim ón spéir, agus beidh cumhachtaí na bhflaitheas ar crith.

26. Agus ansin feicfidh siad Mac an Duine ag teacht sna scamaill le mórchumhacht agus glóir.

27. Agus ansin cuirfidh sé na haingil amach agus baileoidh sé na tofaigh ó na ceithre gaotha, ó imill na talún go himill neimhe.

28. “Ach ón gcrann fígí foghlaimígí an parabal. Nuair a bhíonn an ghéag úr agus í ag cur na mbachlóg amach, bíonn a fhios agaibh an samhradh a bheith in achmaireacht.

29. Amhlaidh sin daoibh, nuair a fheicfidh sibh na nithe seo ag titim amach, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé in achmaireacht, ar an tairseach.

30. Deirim libh go fírinneach, ní imeoidh an ghlúin seo gan na nithe seo uile a bheith tagtha chun cinn.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 13