Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 13:12-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

12. Tabharfaidh an deartháir a dheartháir suas chun báis, agus an t‑athair a mhac; éireoidh an chlann in aghaidh a dtuismitheoirí agus cuirfidh siad chun báis iad.

13. Beidh fuath ag cách daoibh mar gheall ar m'ainmse; ach an té a bheidh seasmhach go deireadh, slánófar eisean.

14. “Nuair a fheicfidh sibh ‘urghráin úd an lomscriosta’ agus é ina sheasamh san áit nach dual - tuigeadh an té a léann - ansin, iad sin a bheidh in Iúdáia teithidís faoi na sléibhte;

15. an té a bheidh ar bharr an tí, ná téadh sé síos agus ná téadh sé isteach chun rud a bhreith leis as a theach;

16. agus an té a bheidh sa ghort, ná filleadh sé ar ais chun a bhrat a bhreith leis.

17. Lucht clainne a iompar, áfach, agus lucht cíche a thabhairt, is mairg dóibh san aimsir sin.

18. Bígí ag guí nach sa gheimhreadh a tharlóidh sé.

19. Óir beidh sna laethanta sin trioblóid nach raibh a leithéid ann ó thús an domhain, a rinne Dia, go dtí anois; agus nach mbeidh.

20. Agus mura ngiorródh an Tiarna na laethanta sin, ní rachadh aon duine slán; ach ar son na dtofach a thogh sé, ghiorraigh sé na laethanta.

21. “Má deir aon duine libh ansin: ‘Féach, tá an Críost anseo,’ ‘Féach, ansiúd é,’ ná creidigí é.

22. Óir éireoidh Críostanna bréige agus fáithe bréige, agus tabharfaidh siad comharthaí uathu agus éachtaí ionas go gcuirfidís na tofaigh féin amú dá mba fhéidir.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 13