Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 10:42-52 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

42. Agus ghlaoigh Íosa chuige iad agus dúirt sé leo: “Tá fhios agaibh go mbíonn an mhuintir, a shamhlaíonn a bheith ag rialú na ngintlithe, ag tiarnú orthu, agus a gcuid uaisle ag smachtúchán orthu.

43. Ach ní mar sin atá an scéal eadraibhse, ach an duine ar mian leis a bheith ina uasal eadraibh, beidh sé ina sheirbhíseach daoibh,

44. agus an duine ar mian leis a bheith ina cheann oraibh, beidh sé ina sclábhaí ag cách.

45. Óir níor tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air, ach chun go ndéanfadh sé féin freastal, agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”

46. Agus tháinig siad go Ireachó; agus ag dul amach as Ireachó dó fara a dheisceabail agus slua mór, bhí dall, fear déirce, Bairtiméas mac Thiméas, ina shuí le hais an bhóthair.

47. Nuair a chuala sé gurbh é Íosa an Nazairéanach a bhí ann thosaigh sé ar screadach agus ar a rá: “A Mhic Dháiví, a Íosa, déan trócaire orm!”

48. Agus bhagair a lán daoine air a bheith ina thost, ach is ea ba mhó a scread sé: “A Mhic Dháiví, déan trócaire orm.”

49. Stad Íosa agus dúirt: “Glaoigí anseo air.” Agus ghlaoigh siad ar an dall á rá leis: “Bíodh misneach agat! Éirigh! Tá sé ag glaoch ort!”

50. Chaith sé siúd de a bhrat, d'éirigh de phreab, agus tháinig chun Íosa.

51. Ansin labhair Íosa leis: “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” ar sé. Dúirt seisean leis: “Rabúní, mo radharc a bheith agam!”

52. Dúirt Íosa leis: “Imigh leat! Shlánaigh do chreideamh thú.” Tháinig a radharc dó láithreach agus lean sé é sa tslí.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 10