Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 10:4-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Dúirt siadsan: “Thug Maois cead litir idirscartha a scríobh agus í a scaoileadh.”

5. Dúirt Íosa leo: “Is de dheasca bhur gcroí a bheith stuacach a scríobh sé an aithne sin daoibh.

6. Ach ó thús an chruthaithe ‘rinne Dia iad fireann agus baineann;

7. mar gheall air sin fágfaidh duine a athair agus a mháthair chun bheith go dlúth i bpáirt lena bhean,

8. agus aon cholainn amháin a bheidh sa bheirt acu’. Dá réir sin, ní beirt iad feasta ach aon cholainn amháin.

9. Dá bhrí sin, an ní a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.”

10. Cheistigh a dheisceabail é mar gheall air seo arís sa teach,

11. agus dúirt sé leo: “Duine ar bith a scaoileann uaidh a bhean agus a phósann bean eile, déanann sé adhaltranas ina coinne.

12. Agus má scaoileann bean a fear uaithi agus fear eile a phósadh, déanann sí adhaltranas.”

13. Agus bhí siad ag tabhairt na leanaí chuige chun go sínfeadh sé a lámh orthu, ach bhí na deisceabail ag cur ceartú orthu.

14. Ar a fheiceáil sin dó, tháinig míchéadfa air agus dúirt leo: “Ligigí do na leanaí teacht chugam; na coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé.

15. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.”

16. Agus rug sé barróg orthu, chuir a lámha orthu, agus bheannaigh iad.

17. Agus ag cur chun bóthair dó rith duine chuige agus chaith sé é féin ar a ghlúine ina láthair agus d'fhiafraigh sé de: “A Mháistir mhaith, cad tá le déanamh agam chun go mbeinn páirteach sa bheatha shíoraí?”

18. Dúirt Íosa leis: “Cad chuige a ndeir tú maith liom? Ní maith aon neach ach Dia amháin.

19. Is eol duit na haitheanta. ‘Ná déan marú. Ná déan adhaltranas. Ná déan goid. Ná tabhair fianaise bhréige. Ná déan calaois. Tabhair onóir do d'athair agus do do mháthair.’ ”

20. Dúirt seisean leis: “A Mháistir, choimeád mé iad sin uile ó m'óige.”

21. Dhearc Íosa air agus thug grá dó agus dúirt leis: “Tá aon ní amháin in easnamh ort fós; imigh leat, díol a bhfuil agat agus tabhair do na boicht é agus beidh stór agat ar neamh; tar ansin agus lean mise.”

22. Chuir an chaint sin buaireamh air agus d'imigh sé leis go dubhach mar bhí mórán de mhaoin an tsaoil aige.

23. Bhreathnaigh Íosa ina thimpeall agus dúirt sé lena dheisceabail: “Cad é chomh deacair is a bheidh sé ar lucht an tsaibhris dul isteach i ríocht Dé!”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 10