Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 24:24-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

24. Chuaigh cuid dár gcompánaigh go dtí an tuama ansin, agus fuair gurbh amhlaidh a bhí mar a dúirt na mná, ach ní fhaca siad é féin.”

25. Ansin dúirt sé féin leo: “A dhaoine gan tuiscint atá dúr ó chroí chun a bhfuil ráite ag na fáithe a chreidiúint!

26. Nárbh fholáir go bhfulaingeodh an Críost na nithe úd chun go dtiocfadh sé isteach ina ghlóir?”

27. Agus ag tosú dó ó Mhaois agus ó na fáithe uile, mhínigh sé dóibh na nithe a bhí sna scrioptúir uile mar gheall air féin.

28. Nuair a bhí siad i ngar don bhaile ar a raibh a dtriall, bhí de chuma air féin go raibh sé ag dul níos faide,

29. agus rinne siad tathant air á rá: “Fan againn, óir tá sé i mbéal tráthnóna agus an lá siar síos cheana féin.” Chuaigh sé isteach dá réir sin chun fanacht acu.

30. Agus ansin, nuair a bhí sé ag bord in éineacht leo, thóg sé an t‑arán agus bheannaigh, bhris sé ansin agus thug dóibh é.

31. Osclaíodh a súile agus d'aithin siad é; ach chuaigh sé ar neamhní uathu.

32. Agus dúirt siad le chéile: “Nach raibh ár gcroí ar lasadh ionainn le linn dó bheith ag labhairt linn feadh na slí, agus é ag nochtadh na scrioptúr dúinn?”

33. Chuir siad chun bóthair an uair sin féin agus chuaigh ar ais go Iarúsailéim. Fuair siad an t‑aon duine déag agus a gcompánaigh bailithe le chéile

34. agus é de scéal acu: “Tá an Tiarna éirithe go deimhin agus chonacthas do Shíomón é.”

35. Agus rinne siad féin ar tharla sa tslí a aithris, agus mar a d'aithin siad é i mbriseadh an aráin.

36. Le linn na cainte sin dóibh, sheas sé féin ina measc agus dúirt leo: “Síocháin daoibh!”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 24