Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 22:37-47 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

37. Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.”

38. Dúirt siad: “A Thiarna, féach, tá dhá chlaíomh anseo.” Dúirt sé leo: “Is leor.”

39. Ar dhul amach dó, chuaigh sé, mar ba ghnáthbhéas dó, go Cnoc na nOlóg. Na deisceabail freisin lean siad é.

40. Agus ar shroicheadh na háite dó, dúirt sé leo: “Bígí ag guí gan sibh a dhul i gcathú.”

41. Agus chuaigh sé i leataoibh uathu mar a bheadh fad urchar cloiche,

42. agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.”

43. Agus chonacthas aingeal ó neamh dó á neartú.

44. Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh.

45. Ar éirí ina sheasamh dó ón nguí, tháinig sé chun na ndeisceabal agus fuair ina gcodladh iad le barr dobróin,

46. agus dúirt sé leo: “Cad a bheir in bhur gcodladh sibh? Éirígí agus guígí, le heagla go rachadh sibh i gcathú.”

47. Le linn dó bheith ag caint, tháinig slua; agus bhí, ag siúl rompu amach, an fear ar a dtugtaí Iúdás, duine den dáréag, agus dhruid sé sin isteach le Íosa chun é a phógadh.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 22