27. Cé acu is mó dáiríre, an té a bhíonn ag bord nó an té a bhíonn ag freastal? Nach é an té a bhíonn ag bord? Ach táimse in bhur measc ar nós an té a bhíonn ag freastal.
28. Is sibhse an mhuintir a sheas go buan liom i mo thrialacha;
29. agus tá ríocht agam á dáil oraibh, de réir mar dháil m'Athair orm féin í:
30. ionas go mbeidh sibh ag ithe agus ag ól ag mo bhord i mo ríocht, agus bheith in bhur suí i ríchathaoireacha ag tabhairt breithe ar dhá threibh déag Iosrael.
31. “A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan mar aisce sibh a chriathradh ar nós an arbhair;
32. ach táim tar éis guí ar do shonsa chun nach gclisfeadh do chreideamh; agus, ón uair amháin a bheidh tú féin iompaithe, déan daingean do bhráithre.”
33. Dúirt seisean leis: “A Thiarna, táim ullamh ar dhul leatsa chun príosúin agus fós chun báis.”
34. Ach dúirt sé: “Deirim leat, a Pheadair, ní ghlaofaidh an coileach inniu nó go mbeidh tusa tar éis a shéanadh faoi thrí go bhfuil aon aithne agat orm.”
35. Dúirt sé leo ansin: “Nuair a chuir mé uaim sibh gan sparán gan tiachóg gan cuaráin, an raibh easnamh ar bith oraibh?”
36. Dúirt siad: “Ní raibh.” Dúirt sé leo: “Anois, áfach, an té a mbíonn sparán aige, beireadh sé leis é, agus an té a mbíonn tiachóg aige mar an gcéanna; an té fós, nach mbíonn claíomh aige, díoladh sé a bhrat chun ceann a cheannach.
37. Óir deirim libh, an rud úd atá scríofa, ní foláir é a theacht chun críche ionamsa: ‘Cuireadh ar aon bhuíon leis na mallaitheoirí é.’ Go deimhin féin, tá mo chúrsaí uile ag druidim chun deiridh.”
38. Dúirt siad: “A Thiarna, féach, tá dhá chlaíomh anseo.” Dúirt sé leo: “Is leor.”
39. Ar dhul amach dó, chuaigh sé, mar ba ghnáthbhéas dó, go Cnoc na nOlóg. Na deisceabail freisin lean siad é.
40. Agus ar shroicheadh na háite dó, dúirt sé leo: “Bígí ag guí gan sibh a dhul i gcathú.”
41. Agus chuaigh sé i leataoibh uathu mar a bheadh fad urchar cloiche,
42. agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.”
43. Agus chonacthas aingeal ó neamh dó á neartú.
44. Ó bhí sé in anbhroid, ba dhéinide é ag guí; agus bhí a chuid allais mar a bheadh braonta ramhra fola ag sileadh go talamh.