Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 22:14-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Nuair a tháinig an uair, lig sé faoi ag bord agus na haspail mar aon leis.

15. Agus dúirt sé leo: “Ba mhór ba mhian liom an cháisc seo a ithe in éineacht libh roimh fhulaingt dom;

16. óir deirim libh, ní íosfaidh mé go deo arís í nó go mbeidh a comhlíonadh ann i ríocht Dé.”

17. Agus ghlac sé cupa, agus ar altú dó dúirt: “Tógaigí é seo agus roinnigí eadraibh é;

18. óir deirim libh, ní ólfaidh mé as seo amach de shú na fíniúna nó go mbeidh ríocht Dé tagtha.”

19. Ansin, thóg sé arán, agus ar altú dó, bhris, agus thug dóibh é ag rá: “Is é seo mo chorp atá le tabhairt ar bhur son. Déanaigí é seo mar chuimhne orm.”

20. Agus mar an gcéanna an cupa, tar éis na proinne, ag rá: “Is é an cupa seo an tiomna nua i m'fhuil atá le doirteadh ar bhur son.

21. Féach, áfach: tá lámh fhear mo bhraite in éineacht liom ag an mbord.

22. Go deimhin tá a bhealach féin le siúl ag Mac an Duine de réir mar atá i ndán, ach is mairg don duine úd trína mbraitear é.”

23. Agus thosaigh siad ag fiafraí dá chéile cén duine acu a bhí chun é seo a dhéanamh.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 22