Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 18:9-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

9. Labhair sé an parabal seo freisin chun daoine áirithe a bhí teann astu féin bheith fíréanta, agus gur bheag orthu cách eile:

10. “Chuaigh beirt fhear suas don Teampall ag guí; Fairisíneach duine acu agus poibleacánach an duine eile.

11. Rinne an Fairisíneach, agus é go ceannard, guí mar seo leis féin: ‘A Dhia, tugaim a bhuíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile, atá ina sladaithe, ina lucht éagóra, ina n‑adhaltranaigh, ná fiú amháin ar nós an phoibleacánaigh úd.

12. Déanaim troscadh dhá uair sa tseachtain, íocaim na deachúna ar gach ní dá bhfaighim.’

13. Ach sheas an poibleacánach i bhfad siar, agus níorbh áil leis fiú amháin a shúile a ardú chun na bhflaitheas, ach é ag bualadh a uchta, ag rá: ‘A Dhia, glac trua dom, an peacach.’

14. Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”

15. Bhíodar ag tabhairt na leanaí beaga chuige freisin chun go sínfeadh sé a lámh orthu; agus ar a fheiceáil sin do na deisceabail bhíodar ag cur ceartú orthu.

16. Ach ghlaoigh Íosa na leanaí chuige, ag rá: “Ligigí do na leanaí teacht chugam agus ná coiscigí iad, óir is lena leithéidí seo ríocht Dé.

17. Deirim libh go fírinneach, cibé nach nglacfaidh ríocht Dé ar nós linbh, ní rachaidh sé isteach inti choíche.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 18