Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 18:32-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. Óir tabharfar ar láimh do na gintlithe é, déanfar fonóid faoi, tabharfar easmailt dó, caithfear seilí air,

33. agus tar éis a sciúrsála, cuirfear chun báis é, agus éireoidh sé an treas lá.”

34. Ach níor thuig siad aon chuid den mhéad sin, agus bhí an focal sin i bhfolach orthu, agus ní raibh a fhios acu cad ba chiall lena chomhrá.

35. Bhí, agus é ag teacht i ngar do Ireachó, dall ina shuí le hais an bhóthair ag iarraidh déirce.

36. Nuair a chuala sé an slua ag gabháil thairis, d'fhiafraigh sé cad é a bhí ar bun.

37. Dúradh leis: “Tá Íosa an Nazórach ag dul thar bráid.”

38. Agus d'éigh sé amach: “A Íosa, a mhic Dháiví, bíodh trua agat dom!”

39. Agus iad seo a bhí i dtosach an tslua, bhí siad ag bagairt air bheith ina thost, ach b'amhlaidh ba mhóide a bhí seisean ag screadach: “A Mhic Dháiví bíodh trua agat dom!”

40. Stad Íosa dá shiúl, agus d'ordaigh é sheoladh chuige. Ar theacht dó ina ghar d'fhiafraigh sé de:

41. “Cad ab áil leat mé a dhéanamh duit?” Dúirt seisean: “A Thiarna, mo radharc a bheith agam!”

42. Dúirt Íosa leis: “Bíodh do radharc agat: shlánaigh do chreideamh tú.”

43. Agus tháinig a radharc dó láithreach, agus lean sé é ag glóiriú Dé. Ar a fheiceáil sin don phobal uile, thug siad moladh do Dhia.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 18