Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 15:17-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag m'athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta!

18. Cuirfidh mé chun bóthair agus rachaidh mé chun m'athar agus déarfaidh mé leis: A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse;

19. ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm; déan díom mar a bheadh duine de do lucht tuarastail.’

20. Chuir sé chun bóthair ag triall ar a athair. Ach le linn dó fós bheith i bhfad uaidh, chonaic a athair é agus ghabh trua é, agus rith sé chuige, á chaitheamh féin ar a bhráid agus á mhúchadh le póga.

21. Dúirt an mac leis: ‘A athair, pheacaigh mé in aghaidh na bhflaitheas agus i do láthairse; ní fiú mé feasta go dtabharfaí mac duit orm.’

22. Ach dúirt an t‑athair lena sheirbhísigh: ‘Beirigí amach gan mhoill an éide is uaisle agus cuirigí air í, agus cuirigí fáinne ar a mhéar agus cuaráin ar a chosa,

23. agus tugaigí libh an lao biata agus maraígí é, agus bímis ag ithe agus ag aoibhneas;

24. óir bhí an mac seo agam marbh agus tá sé beo arís, bhí sé caillte agus fuarthas é.’ Agus thosaigh siad ag déanamh aoibhnis.

25. “Bhí an mac ba shine aige ar fud na talún, agus nuair a tháinig sé i ngar don teach, chuala an ceol agus an rince.

26. Ghlaoigh sé chuige duine de na giollaí agus d'fhiafraigh de cad é an rud é seo a bhí ar bun.

27. Dúirt seisean leis: ‘Do dheartháir a bheith tagtha, agus mharaigh d'athair an lao biata de chionn go bhfuair sé ar ais slán é.’

28. Ach bhí fearg air agus níorbh áil leis dul isteach. Tháinig a athair amach ag achainí air.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 15