Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 15:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Na poibleacánaigh agus na peacaigh, bhí siad uile ag teacht ina ghar chun bheith ag éisteacht leis.

2. Agus bhí na Fairisínigh agus na scríobhaithe ag monabhar: “Glacann an duine seo peacaigh chuige,” deiridís, “agus itheann sé ina gcuibhreann.”

3. Agus labhair sé an parabal seo leo:

4. “Cén duine agaibh a mbíonn céad caora aige agus go gcaillfidh sé aon cheann amháin acu, nach bhfágann an naoi nóchad eile san fhásach agus dul ina diaidh siúd a bhí caillte nó go bhfaigheann í?

5. Agus nuair a fhaigheann, buaileann ar a ghuaillí í go háthasach,

6. agus ar theacht abhaile dó, glaonn sé a chairde agus a chomharsana le chéile, ag rá leo: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an chaora a bhí caillte agam, fuair mé í.’

7. Deirim libh, is amhlaidh sin a bheidh níos mó áthais sna flaithis faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí ná faoin naoi bhfíréin nóchad nach mbíonn gá le haithrí acu.

8. “Nó cén bhean a mbíonn deich ndrachma aici, má chailleann sí aon drachma amháin, nach lasann lampa agus an teach a scuabadh agus léirchuardach a dhéanamh nó go bhfaigheann é?

9. Agus nuair a fhaigheann, glaonn sí a cairde agus mná a comharsan le chéile, ag rá: ‘Déanaigí comhghairdeas liom, óir, an drachma a bhí caillte agam, fuair mé é.’

10. Is amhlaidh sin, deirim libh, a bhíonn áthas i láthair aingeal Dé faoin aon pheacach amháin a dhéanann aithrí.”

11. Dúirt sé freisin: “Bhí fear ann a raibh beirt mhac aige.

12. Agus dúirt an duine ab óige acu lena athair: ‘A athair, tabhair dom an chuid den sealúchas atá ag titim chugam.’ Agus roinn sé a mhaoin shaolta eatarthu.

13. Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d'imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach.

14. Nuair a bhí gach aon ní caite aige, tháinig gorta millteach sa tír sin, agus thosaigh sé féin bheith in uireasa.

15. D'imigh sé agus rinne fostú le duine de mhuintir na tíre sin, agus chuir seisean faoina chuid talún é ag aoireacht mhuc.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 15