Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 7:21-36 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

21. D'fhreagair Íosa: “Aon obair amháin a rinne mé,” ar sé, “agus tá ionadh oraibh go léir.

22. Thug Maois, más ea, an timpeallghearradh daoibh - ní hé gurb ó Mhaois é, ach ó na huasalaithreacha - agus déanann sibh timpeallghearradh ar dhuine fiú sa tsabóid.

23. Má dhéantar timpeallghearradh ar dhuine sa tsabóid chun nach mbrisfí dlí Mhaois, an bhfuil fearg oraibh liomsa mar go ndearna mé duine iomlán a leigheas sa tsabóid?

24. Ná tugaigí breith de réir mar a fheictear ach tugaigí breith chóir.”

25. Dúirt cuid de mhuintir Iarúsailéim: “Nach hé seo an fear atá siad a iarraidh a chur chun báis?

26. Agus féach é ag caint os comhair an tsaoil agus gan aon ní á rá acu leis. An amhlaidh le fírinne go bhfuil a fhios ag na huachtaráin gurb é an Críost é?

27. Is eol dúinn áfach cad as dó seo; ach an Críost, nuair a thiocfaidh sé, ní eol d'aon duine cad as dó.”

28. Ghlaoigh Íosa ansin in ard a ghutha sa Teampall:“Tá aithne agaibh orm, más ea,” ar sé,“agus is eol daoibh cad as dom;agus ní uaim féin a tháinig mé;ach is fíor é an té a chuir uaidh mé,agus níl aithne agaibhse air.

29. Ach tá aithne agamsa airmar is uaidh a tháinig méagus is eisean a chuir uaidh mé.”

30. Bhí siad ag iarraidh é a ghabháil, ach níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós.

31. Bhí a lán den slua a chreid ann agus deiridís: “Nuair a thiocfaidh an Críost, an ndéanfaidh sé níos mó comharthaí ná mar a dhéanann an duine seo?”

32. Chuala na Fairisínigh an slua ag monabhar faoi ar an gcuma sin, agus chuir na hardsagairt agus na Fairisínigh póilíní chun é a ghabhail.

33. Dúirt Íosa leo dá bhrí sin:“Beidh mé faraibh tamall beag fós,ansin fillfidh mé ar an té a chuir uaidh mé.

34. Beidh sibh ar mo lorg, ach ní bhfaighidh sibh mé,agus an áit ina bhfuilimse ní féidir daoibhse teacht ann.”

35. Dúirt na Giúdaigh eatarthu féin dá bhrí sin: “Cá bhfuil sé le dul agus nach bhfaighimid é? An bhfuil sé chun dul ag triall ar na deoraithe ar fud an domhain Ghréagaigh, agus na Gréagaigh a theagasc?

36. Cad í an chaint í seo a dúirt sé: ‘Beidh sibh ar mo lorg ach ní bhfaighidh sibh mé; agus an áit ina bhfuilimse, ní féidir daoibhse teacht ann’?”

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 7