Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Eoin 5:17-34 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá m'Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.”

18. Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.

19. Thug Íosa freagra:“Amen, Amen, a deirim libh,ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féinmura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair.Cibé nithe a dhéanann an tAthair,déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.

20. Óir tá cion ag an Athair ar an Macagus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin,agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seoi dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.

21. Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbhagus iad a dhéanamh beo,mar an gcéanna déanann an Mac beoan mhuintir is toil leis;

22. mar ní thugann an tAthair breith ar aon duineach thug sé an uile bhreith dá Mhac,

23. i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac,mar a thugann siad don Athair.An té nach dtugann onóir don Mhacní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.

24. Amen, Amen, a deirim libh,an té a éisteann le mo bhriathar,agus a chreideann an té a chuir uaidh mé,tá an bheatha shíoraí aige;ní thagann sé chun breithiúnais,ach tá sé dulta ó bhás go beatha.

25. Amen, Amen, a deirim libh,tá an uair ag teacht - tá sí ann cheana -nuair a chluinfidh na mairbh glór Mhac Déagus iad seo a chluinfidh, mairfidh siad.

26. Óir faoi mar atá beatha ag an Athair ann féin,thug sé don Mhac mar an gcéannabeatha a bheith ann féin aige,

27. agus thug sé údarás dóbreithiúnas a dhéanamhde bhrí gurb é Mac an Duine é.

28. Ná déanaigí ionadh den mhéid sin,óir tá an uair ag teacht,a gcluinfidh a bhfuil sna tuamaíglór Mhac Dé,

29. agus tiocfaidh siad amach -iad seo a rinne an mhaithchun aiséirí na beatha,agus iad seo a rinne an t‑olcchun aiséirí an bhreithiúnais.

30. Ní féidir domsa aon ní a dhéanamh uaim féin.De réir mar a chluinim is ea a thugaim breithiúnasagus is cóir í mo bhreith,óir ní hí mo thoil féin a shantaímach toil an té a chuir uaidh mé.

31. Dá dtabharfainn fianaise orm féinní bheadh m'fhianaise iontaofa.

32. Tá neach eile ann a thugann fianaise orm,agus tá a fhios agam gur iontaofa an fhianaisea thugann sé orm.

33. Chuir sibh teachtairí ag triall ar Eoinagus thug sé fianaise ar an bhfírinne.

34. Ní hé go nglacaimse fianaise ó dhaoine,ach tá na nithe seo á rá agam chun go slanófaí sibh.

Léigh chaibidil críochnaithe Eoin 5