16. Is dá bharrsan a bhí na Giúdaigh ag géarleanúint ar Íosa mar go ndearna sé na nithe seo ar an tsabóid.
17. Is é freagra a thug Íosa orthu: “Tá m'Athair ag obair anois, agus riamh, agus táimse ag obair chomh maith.”
18. Ba mhóide sin mar ba mhian leis na Giúdaigh é chur chun báis, mar níorbh é amháin go mbíodh sé ag briseadh na sabóide ach ag tabhairt a athair féin ar Dhia, á chur féin ar aon chéim le Dia.
19. Thug Íosa freagra:“Amen, Amen, a deirim libh,ní féidir don Mhac aon ní a dhéanamh uaidh féinmura bhfeiceann sé ní éigin á dhéanamh ag a Athair.Cibé nithe a dhéanann an tAthair,déanann an Mac iad ar an gcuma chéanna.
20. Óir tá cion ag an Athair ar an Macagus taispeánann sé dó a ndéanann sé féin,agus taispeánfaidh sé dó oibreacha is mó ná iad seoi dtreo go mbeidh ionadh oraibhse.
21. Óir faoi mar a thógann an tAthair na mairbhagus iad a dhéanamh beo,mar an gcéanna déanann an Mac beoan mhuintir is toil leis;
22. mar ní thugann an tAthair breith ar aon duineach thug sé an uile bhreith dá Mhac,
23. i dtreo go dtabharfadh cách onóir don Mhac,mar a thugann siad don Athair.An té nach dtugann onóir don Mhacní thugann sé onóir don Athair a chuir uaidh é.