3. D'fhreagair Íosa:“Amen, Amen,” ar sé leis,“mura nginfear duine athuairní féidir dó ríocht Dé a fheiceáil.”
4. Dúirt Níocodaemas leis: “Conas is féidir duine a ghiniúint agus é ina sheanduine? An amhlaidh a d'fhéadfadh sé dul isteach i mbroinn a mháthar agus teacht ar an saol athuair?”
5. D'fhreagair Íosa:“Go deimhin féin a deirim leat,mura ngintear duine ó uisce agus ón Spiorad,ní féidir dó dul isteach i ríocht Dé.
6. An ghin a gineadh ón bhfeoil is feoil í;an ghin ón Spiorad is spiorad í.
7. Ná déan ionadh de go ndúirt mé leat:‘Ní foláir sibh a ghiniúint arís ó lastuas.’
8. Séideann an ghaoth mar is áil léi.Is clos duit a glór,ach ní eol duit cad as di ná cá ngabhann sí.A dála-san ag gach duine a ghintear ón Spiorad.”
9. D'fhreagair Níocodaemas: “Conas is féidir na nithe sin a bheith amhlaidh?” ar sé leis.
10. D'fhreagair Íosa: “Is oide in Iosrael thú,” ar sé leis, “agus nach eol duit na nithe sin!
11. Go deimhin féin a deirim leat,an ní is eol dúinn is air a labhraimid,agus an ní a chonacamar is air a thugaimid fianaise,ach ní ghlacann sibh ár bhfianaise.
12. Má inis mé nithe talmhaí daoibh,agus nach gcreideann sibh,cén chaoi a chreidfidh sibh,má insím nithe neamhaí daoibh?
13. Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh,ach an té a tháinig anuas ó neamh,Mac an Duine [atá ar neamh].